Monday, October 25, 2010

Ríomhleabhair Ghaeilge / Irish-Language eBooks

Tá a lán daoine tar éis ceisteanna a chur orainn faoi na ríomhleabhair atá déanta againn agus faoi na cinn eile atá beartaithe. Dá réir sin shocraíomar píosa gairid a scríobh faoi seo. Táimid tar éis súil a choinneáil ar fhorbairt mhargadh na ríomhleabhar le cúpla bliain anuas agus is é an chúis is mó ar bheartaíomar tabhairt faoi ríomhleabhair anois ná gur tharla eachtra suntasach i lár na bliana: den chéad uair riamh - i lár na bliana seo - dhíol Amazon níos mó ríomhleabhar ná mar a dhíol siad cóipeanna crua de leabhair. Is dócha gur tharla se seo de thoradh ar roinnt tarlúintí: seoladh an iPad; na hathruithe feabhais a cuireadh ar an leagan is déanaí de kindle (an léitheoir láimhe a úsáideann Amazon); agus ar ndóigh an chuid eile den mhargadh atá faoin Sony Reader agus na "gutháin ghlice". Agus sin ráite, tá saol na leabhar trí chéile ag dul sa tseans leis seo, faoi mar a tharlaíonn go tráthrialte le teicneolaíochtaí nua - ar aghaidh linn! Is foilsitheoirí sinn ach is léitheoirí sinn freisin agus aithnímid gur buntáiste iontach atá ann gur féidir le duine dul ar líne agus leabhar a cheannach agus a bheith á léamh laistigh de chúpla nóiméad. Chífimid ar fad .......

Since announcing the fact that we've produced our first eBooks many people have asked us why we decided the time was right for this, so we've written this short piece by way of explanation. Basically we've been watching the emerging market for eBooks over the past few years and the main reason we decided the time was right to adopt the technology was the fact that Amazon for the first time - in the middle of this year - sold more eBooks than copies of hardbacks. This is probably a result of a number of other developments: the launch of the iPad; that the new kindle (Amazon's hand-held eBook reading device) was much improved; and also that the Sony Reader and Smartphones had also created a certain level of market share. The entire world of publishing has embarked on this journey and while none of us knows where exactly we'll find ourselves, we all feel we need to be on board. Certainly, for those of us associated with Cois Life, we, as readers, see the huge advantage of being able to go online, buy a book and begin reading it just moments later. We shall all see.....

Wednesday, October 6, 2010

An Chéad Úrscéal Gaeilge i bhFoirm Ríomhleabhair? - The First Irish Novel Published as an eBook?


Tá an chead cheithre ríomhleabhar díreach foilsithe ag Cois Life agus beidh siad á ndáileadh trí ghréasáin éagsúla díoltóirí ar-líne timpeall na cruinne trí na príomhfhormáidí éagsúla. Is iad na leabhair ná:

Sceon na Mara, scéal bleachtaireachta agus an t-úrscéal is déanaí ó Liam Ó Muirthile, Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne, ar clasaic í cheana, nach mór, agus í ag cur síos ar nirvana na hÉireann sa nua-aois, Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson faoi dhéagóirí agus a gcuid rún agus Ar Muir is Ar Sliabh le Dermot Somers faoi shraith nua teilifíse eachtraíochta faoin aer le Brian agus Lise.

Mar thús leis an tionscamh seo tá fáil ar na leabhair cheana i bfoirm atá cóirothe don kindle. Ceannaigh ó Amazon iad agus beidh tú á léamh laistigh de nóiméad!


Cois Life have just published their first four eBooks which will be distributed through various on-line sellers worldwide in the main formats.

The books are Sceon na Mara, Liam Ó Muirthile's new crime novel, Dún an Airgid, Éilís Ní Dhuibhne's modern classic about a Utopian modern Ireland Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir, Siobhán Parkinson's brilliant diary for teenagers and Ar Muir is Ar Sliabh, Dermot Somers story about athletic, adventurous twenty-somethings on a TV shoot.

For starters, these four books are available for kindle, so if you buy them on Amazon NOW you could literally be reading them within a minute!