Thursday, February 27, 2014

DAIDEO – leabhar nua do dhéagóirí le hÁine Ní Ghlinn - Físeán

Is é seo an cúigiú húrscéal do dhaoine óga le húdar aitheanta Áine Ní Ghlinn atá foilsithe ag Cois Life.


Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn.Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Breathnaigh uirthi ag labhairt faoin saothar anseo thíos.
 
Buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí. Seanduine ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo?

Bhí aitheantas faighte ag an leabhar iontach seo sular foilsíodh é nuair a bronnadh duais Oireachtas 2013 air. Tá áthas orainn freisin gur roghnaíodh é do chlúdach an chéad eagráin de ré nua 'Books Ireland'. Guímid gach rath ar na húinéirí nua, Wordwell Books.

Tá an leabhar ar fáil sna siopaí leabhar agus ar líne anseo.
ISBN: 9781907494420
Praghas: €6

Liam Ó Muirthile ag labhairt faoina shaothar is déanaí


Is féidir leat breathnú ar Liam Ó Muirthile ag labhairt faoina úrscéal nua An Colm Bán thíos. 
Liam Ó Muirthile speaks about his latets novel An Colm Bán below [in Irish].


Friday, February 14, 2014

An leathanach bán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Fiction happens halfway between the craftsman’s smithy and the shaman’s bonfire, in the uncharted wilderness that separates creative writing from the other world, Alex Hijmans writes in the second episode of his monthly guest blog on creative writing.




Tosaíonn gach scéal ar leathanach (nó scáileán) bán. Nach ea?

Ní shea.

Tá an mhíthuiscint choitianta seo fite fuaite leis an íomhá rómánsúil a bhaineann le gairm an scríbhneora in aigne an phobail. Is maith le daoine a shamhlú go nglacann an rud rúndiamhrach seo ar a dtugtar inspioráid seilbh ar intinn an scríbhneora a luaithe is a shuíonn sé síos ag a dheasc; go dtagann scéal amach an nóiméad a chuireann sé a pheann ar pháipéar nó a chuid méaracha ar an méarchlár.

Bain triail as an modh oibre seo, agus beidh bosca bruscair lán leathanach stróicthe agat gan mhoill. Nó scáileán ríomhaire briste. Geallaim duit.

Ní fiú don scríbhneoir suí síos ag a dheasc go dtí go mbíonn tuairim réasúnta aige faoina mbeidh á scríobh aige. Is éard is ceird na scríbhneoireachta ann ná scéal a thabhairt ó shaol amháin go saol eile, ó dhomhan teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach na bhfocal. Ní ar leathanach bán a thosaíonn próiseas na scríbhneoireachta cruthaithí mar sin, ach san intinn. 

Ach cad as a dtagann scéal? An é an scríbhneoir a roghnaíonn an scéal, nó an é an scéal a roghnaíonn an scríbhneoir? Leis seo, táimid tagtha chomh fada leis an talamh bán a scarann an scríbhneoireacht chruthaitheach ón saol eile, agus an ceardaí ón bhfear nó ón mbean feasa. Tá a theachín féin ag gach scríbhneoir ar an talamh bán seo; tá mo bhothán-sa nach mór leathbhealach idir ceárta an ghabha agus tine chnámh an draoi.

Sampla nó dhó chun solas a chaitheamh ar an meafar seo. Lá amháin, bhí piobar malagueta (ceann de na piobair is teo ar domhan) ag teastáil uaim chun béile áirithe a réiteach. Ceann amháin a bhí uaim, ach níor éirigh liom teacht ach ar lán mhála acu. Bhí mé fágtha le carn mór piobar, agus shocraigh mé anlann a dhéanamh astu. Roimh i bhfad, agus mé á ngearradh ag cuntar oibre na cistine, thosaigh carachtar mná ag labhairt i m’intinn agus níor stop go dtí go raibh a scéal inste aici. Ba í seo Itamara; tá a scéal, ar bhaist mé ‘Pimenta’ air in omós don anlann piobair, i mo chnuasach gearrscéalta Gonta.

Cad as a tháinig Itamara? Cad as a tháinig a scéal? Ní fhéadfainn é a rá leat, cé go bhfuilim cinnte gur áit éigin níos gaire do thine chnámh an draoi ná do cheárta an ghabha a bhí i gceist. Ach ní thagann gach scéal as an áit chéanna.

Sampla é ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, as an gcnuasach céanna Gonta, de scéal a tháinig ar an saol i gceárta an ghabha. Theastaigh uaim scéal a scríobh faoi shíor-ionradh na cathrach ar an dúlra agus chuige sin theastaigh carachtar scothaosta uaim a d’fheicfeadh athruithe fisiciúla agus sóisialta ag teacht ar cheantar áirithe thar tréimhse fhada. Chruthaigh mé Eduarda, príomhcharachtar ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, mar uirlis chun an scéal a reic. 

Níor tháinig Eduarda aniar aduaidh orm mar a rinne Itamara na bpiobar, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil an luach céanna léi mar charachtar – tháinig fás agus forbairt ar an mbeirt acu sna míonna fada a chaith mé ag déanamh eagarthóireachta ar a scéalta. Níl ann ach gur tháinig an bheirt acu ar an saol ar bhealach difriúil, díreach mar a thagann gach scéal ar an saol ar bhealach difriúil. 

Tosaíonn scéalta áirithe le carachtar, tosaíonn scéalta eile le háit nó téama, tosaíonn scéalta eile arís le plota. Splancanna iad seo a lasann tine na cruthaíochta, ach níos minicí ná a mhalairt, ní fheiceann súile atá ag stánadh ar leathanach nó ar scáileán bán na splancanna seo. B’fhearr i bhfad don scríbhneoir a dteastaíonn inspioráid uaidh dul ar shiúlóid fhada – mar is eol do chách, bíonn siúlach scéalach. Ansin, an intinn lán smaointe agus íomhánna, ní theastaíonn chun dul i mbun scríbhneoireachta ach misneach. Labhróimid faoi sin an mhí seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




An Colm Bán

Úrscéal nua le Liam Ó Muirthile (Duais Oireachtais 2013)





Saothar neamghghnách é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa. Scéal Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir, agus ina theannta sin, údar ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo. 

Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an phobail mar fhile de lucht Innti in 1969 sa tslí is go n-aithneodh aon duine a stíl anois is cuma cén seánra a chleachtann sé. Bhí an-ráchairt ar a úrscéalta eile, Ar Bhruach na Laoi (1995) agus Sceon na Mara (2010), tráth a bhfoilsithe. Seo a leanas sliocht as an gcéad chaibidil:
'Sna huaimheanna faoi thalamh in ambasáid Phoblacht na Seice i rue Bonaparte a bhí The Paris-Prague Jazz Club. Slua ardmheanmach istigh, an áit ag borradh le ceol, ól, bia agus dóchas úr na hóige ó thíortha an Oirthir a raibh soláthar dóibh siúd leis, den chéad uair leis na glúnta, i gcliabhán na hEorpa.

Tart agus dóchas in éineacht ab ea é, an tart gan a bheith ina chraos go fóill, agus an dóchas gan a bheith róshaonta. An taoide fuinnimh a bhí ag trá i mball amháin ann, bhí sé ag bualadh leis an taoide ag líonadh i mball eile, mar a bheadh nóta ar an dé deiridh ar an bpianó, nach mór, a d’aimseodh athanáil ón olldord.

Bhí a raibh ann i láthair an cheoil nua agus dá fheabhas an jazz saorchruthach ag cruthú nuachruthanna go dí-armónach, fós bhí macalla seanfhuaimeanna le clos tríothu ach na cluasa a bhioradh. Thugas mo chluasa go hiomlán don jazz agus gean don triúr seinnteoirí a d’fhuin tríd an gcorp amach a gcuid ceoil. Seapánach mná ar an bpianó, folt dubh, éadan ard, seaicéad dearg sróil fáiscthe go docht go coim uirthi, beoldath craorag, gháir sí oiread den cheol amach trína déad is a sheinn sí lena méireanna. Í déadgheal méarmhear, thugas oiread taitnimh dá gáirí geala béil agus a thugas dá nótaí geala ceoil, go háirithe nuair a chuireadh na ruthaigí seanma ina seasamh í óna stól.

Éirí agus suí ar fad ab ea í ansin, flosctha le rithim an cheoil.

Glacadh seilbh ar an slua.

Glacadh seilbh ar an drumadóir.

Glacadh seilbh ar sheinnteoir an olldoird.

Bhíodar ag freagairt dá chéile ina nduine is ina nduine. Iad ag cumadh, ag athchumadh, ag imeacht leo ina ruathair aonair cheoil ach ag filleadh de shíor ar lár comhsheanma, ar an dord bunaidh.

Ar an timthriall síoraí.'

Tá an leabhar ar fáil ar www.coislife.ie.
 
€14 (bog) €20 (crua).