Thursday, April 10, 2014

Peann ar pháipéar

Aoi-bhlag Alex Hijmans




When writing a first draft of a piece of fiction, don’t forget to shove a sock in your inner editor’s mouth, Alex Hijmans writes in the fourth episode of his monthly guest blog on creative writing.




Mar a dúirt mé an mhí seo caite, ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht. Sa chéad dréacht, is féidir leat do rogha rud a scríobh agus do rogha botún a dhéanamh, fad is a thagann an scéal amach. Ar ball – nuair a bheidh an dara, an tríú, nó an seachtú dréacht is fiche idir lámha agat – beidh am agat sleachta nár éirigh leo a ghearradh amach, botúin a cheartú agus snas a chur ar an iomlán.

Ach ní anois. Agus an chéad dréacht á bhreacadh síos agat, beidh ort gobán a chur i mbéal d’eagarthóra inmheánaigh – an máistir scoile sin istigh i do cheann a shioscann leat nár cheart duit scríobh faoi, deirimís, gnéas béil (nó a deir, sa chás gur duine leathanaigeanta é, nach ndéarfadh fear nó bean Ghaeltachta ‘gnéas béil’ go brách agus go mb’fhearr duit leagan níos dúchasaí a aimsiú go beo.) Má éisteann tú leis an duine cabhrach seo agus tú i mbun do chéad dréachta, scriosfaidh sé do scéal. 

Bealach amháin chun an t-eagarthóir inmheánach seo a choinneáil ina thost ná luas. Cuir do pheann síos ar an leathanach bán, tosaigh ag scríobh, coinnigh ort ag scríobh, agus ná bain do pheann ón bpáipéar arís go dtí go mbíonn an scéal (nó i gcás saothair fhada, an radharc a chuir tú romhat a scríobh) breactha síos agat.

Seo, dála an scéil, an fáth gur le peann agus páipéar, agus ní ar ríomhaire, a scríobhaim an chéad dréacht de shaothar ficsin ar bith. Is breá le m’eagarthóir inmheánach an cnaipe ‘delete’: is féidir leis fáil réidh le lá iomlán oibre ach an cnaipe sin a bhrú. Ar chúis éigin, níl an greim chéanna aige ar mo pheann dúigh, agus fiú má scriosann sé abairt amach, níl na focail sin caillte go deo. 

Ach is é an bealach is fearr atá ar eolas agam chun an t-eagarthóir inmheánach a choinneáil ina thost ná an leigheas céanna atá ar an tinneas cáiliúil úd a chuireann as do scríbhneoirí áirithe ó am go chéile: ‘bac scríbhneora’. Agus is éard atá sa leigheas seo ná laethúlacht.

Tosaíonn pluiméar ag obair ag a hocht a chlog ar maidin, bíodh inspioráid aige chun píosa pluiméarachta a dhéanamh nó ná bíodh. Ní bhíonn ‘bac pluiméara’ ag cur as dó.

Tosaíonn mo lá oibre féin ag a hocht a chlog ar maidin freisin. Post í an scríbhneoireacht cosúil le post ar bith eile: caithfear obair a dhéanamh gach lá. Ní réiteoidh doirteal blocáilte é féin. Ní scríobhfaidh scéal é féin ach an oiread.

Ó rinne mé tásc laethúil den scríbhneoireacht roinnt mhaith blianta ó shin, tá méadú mór tagtha ar fhoighid m’eagarthóra inmheánaigh: tuigeann sé go mbeidh deis aige slad a dhéanamh ar mo chuid scríbhneoireachta lá breá éigin amach anseo – agus dá bharr sin bíonn sé sásta fanacht ina thost agus mé ag obair ar an gcéad dréacht.

Tá sé tábhachtach ach go háirithe don scríbhneoir ficsin a mbíonn post lae eile aige – bíonn orm féin dul i mbun iriseoireachta chun na billí a íoc – am a chur i leataobh don scríbhneoireacht fhicsin gach uile lá, fiú muna mbíonn ann ach uair an chloig. Ar an gcaoi sin amháin a mbeidh an muinín chéanna ag an scríbhneoir as a chuid scileanna féin agus a bhíonn ag an bpluiméar as a chuid scileanna siúd, agus ar an gcaoi sin amháin a thosóidh scéalta ag sileadh a luaithe is a chasann an scríbhneoir sconna na scríbhneoireachta air.

Céard a tharlaíonn don chéad dréacht nuair a éiríonn leat é a shábháil ó chrúba an eagarthóra inmheánaigh? Sin ábhar na míosa seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




Sunday, April 6, 2014

Teidil Nua an Earraigh Seolta! New Spring 2014 Titles Published!

Seoladh teidil an Earraigh ó COIS LIFE in The Library Project, 4 Barra an Teampaill, ag 6.30pm, Dé hAoine, 4 Aibreán, 2014. Ag filleadh ar  "ár gcló ceart" (mar a déarfadh an Ríordánach) a bhíomar mar bunaíodh COIS LIFE trasna na habhann ón láthair seo i lár na 1990í agus sin an chúis a dtagraíonn teideal an chomhlachta don Life (agus féach na leabhair ar snámh inti inár lógó!). Ba é Cathal Póirtéir an Fear a’ Tí don tráthnóna agus bhain gach duine taitneamh as an bhfíon agus as an gceol, agus as na píosaí beaga cainte a rinneadh faoi na ceithre leabhar seo ar leith:

Scéal Scéil: rúndiamhra na meán curtha in eagar ag Breandán Delap
Sciorrann an tAm le hOrna Ní Choileáin
Daideo le hÁine Ní Ghlinn
An Colm Bán le Liam Ó Muirthile

Rónán Ó Domhnaill ag caint le Cathal Mac Coille
Ar dtús rinne  an Coimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, píosa cainte faoi thábhacht na hiriseoireachta agus sheol sé saothar nua Bhreandáin Delap Scéal Scéil. Ábhar ó scoth na n-iriseoirí Gaeilge agus cleachtóirí sna meáin a bhí tarraingte le chéile ag Breandán Delap, a dúirt sé: Deaglán de Bréadún; Paul Drury; Cilian Fennell; Cathal Mac Coille; Rónan Mac Con Imaire; Harry McGee; Antain Mac Lochlainn; Póilín Ní Chiaráin; Máirín Ní Ghadhra; Gormfhlith Ní Thuairisg; Pádhraic Ó Ciardha; Seán Ó Cuirreáin; Seán Tadhg Ó Gairbhí; Máirtín Ó Muilleori; agus Pól Ó Muirí.


Ina dhiaidh sin chuir na húdair eile síos ar a gcuid leabhar ar leith. Léigh Orna Ní Choileáin sliocht as ceann de na gearrscéalta óna cnuasach nua, Sciorrann an tAm - an chéad chnuasach ó foilsíodh Canary Wharf in 2009 - leabhar a bhuaigh roinnt duaiseanna liteartha, gan trácht ar lucht leanúna a ghnóthú láithreach bonn don scríbhneoir óg seo lena sainstíl féin.
Orna Ní Choileáin ag léamh as Sciorrann an tAm
Ag blaiseadh na litríochta!
Cé go bhfuil cáil ar Orna as gcuid leabhar do pháistí, féach go bhfuair a híníon is óige an-bhlas ar  na scéalta in Sciorrann an tAm chomh maith!  
  
Nuair a chuir Áine Ní Ghlinn síos ar conas a spreagadh í le Daideo a scríobh, thug sí léargas drámatúil beo dá raibh i láthair ar cad is ionspioráid ann - fiosracht an duine daonna sna féidearthachtaí a leanann an cheist "cad a tharlódh dá ....". Spreag sí fiosracht an tslua, pé scéal é agus chuaigh neart daoine trasna chuig an 'siopa' le cóip den leabhar a cheannach dóibh féin. Ná bac 'litríocht leanaí' - mar a dúirt Cathal Póirtéir, tá an scéal scríofa chomh maith sin go mbainfeadh aon duine ardtaitneamh as. 
Áine Ní Ghlinn, údar Daideo - tour de force!
Labhair Liam Ó Muirthile faoin bpríomhcharachtar in An Colm Bán: Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na bhFolies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir.. Scéal Nora agus scéal údair ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo is bun leis an leabhar. Mheasamar go raibh cuairt tugtha ag na Folies Bergère céanna ar an ócáid fad a bhí Liam ag caint ach b'amhlaidh go raibh cóisir 'oíche na gcearc' tar éis teacht isteach le teann fiosrachta, nuair a chonaic siad na leabhair ar taispeáint ar na seilfeanna ar na fallaí arda. Ach sin is brí le bheith i 'lár an aonaigh' is dócha!
Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, ag caint le Liam Ó Muirthile, údar ar An Colm Bán
Tá na leabhair ar fad ar díol i siopaí leabhar agus ó www.coislife.ie áit a bhfuil siad ar fáil i bhoirm páipéir agus i modh ríomhleabhar.


We here in COIS LIFE sent our 'Spring Collection' of books down the runway in The Library Project, 4 Temple Bar on Friday the 4th of April 2014. In some ways it was a going back to our roots as the company was founded close to the cultural quarter and of course our name and logo refer to the Liffey (and books floating in it! - take another look at it!). 
Ceol den scoth mar anlann leis an litríocht
The inimitable Cathal Póirtéir was Master of Ceremonies and blended chat, music, readings, wine, reminiscences - and one passing, but curious hen party! - to make 'The Library Project' into a genuine literary salon where the works under consideration ranged from meta-journalism, through short stories and fiction to children's literature:

Scéal Scéil: rúndiamhra na meán edited by Breandán Delap

Sciorrann an tAm (short stories) by Orna Ní Choileáin

Daideo (children's literature) by hÁine Ní Ghlinn

An Colm Bán (fiction) by Liam Ó Muirthile



The evening proper began with the new Language Commissioner, Rónán Ó Domhnaill, discussed the importance of journalism to society by way of launching Scéal Scéil. Breandán Delap had persuaded some of Ireland's finest journalists and media practitioners to contribute to the book, he pointed out: Deaglán de Bréadún; Paul Drury; Cilian Fennell; Cathal Mac Coille; Rónan Mac Con Imaire; Harry McGee; Antain Mac Lochlainn; Póilín Ní Chiaráin; Máirín Ní Ghadhra; Gormfhlith Ní Thuairisg; Pádhraic Ó Ciardha; Seán Ó Cuirreáin; Seán Tadhg Ó Gairbhí; Máirtín Ó Muilleori; and Pól Ó Muirí. 
Cathal Póirtéir ag caint le Breandán Delap, údar Scéal Scéil
After that, the other authors spoke about their books, beginning with Orna Ní Choileáin who read an extract from one of the new short stories in her latest collection Sciorrann an tAm - her first since Canary Wharf was published in 2009 - a book which won several literary awards for Ní Choileáín - to say nothing of a cult following for this young writer with her highly individual style.



When Áine Ní Ghlinn described how she came to write her novella for children Daideo, she illustrated perfectly what inspiration itself is -  nothing other than human curiosity about the threads of possibilites which spool out of the question "what would happen if ....". Quite a few people were curious enough to head straight to the bookshop to buy a copy of the the book after Ní Ghlinn spoke. As Cathal Póirtéir remarked, anyone - child or adult - who enjoys good writing will want to read this book.
Ashling Harteveld in charge of the bookshop on the night
Following Áine Ní Ghlinn came another tour de force performance, this time from Liam Ó Muirthile who spoke about the main character of his novel An Colm Bán, Nora Buckley, a servant from West Cork, who becomes a dancer on the stage of the Folies Bergère in Paris in the years after the First World War, and alongside it, an author searching for her story in present day Paris.



All the books are available in good bookshops and from www.coislife.ie where they are available in paper and ebook formats.