Wednesday, May 14, 2014

Dhá shliocht as Sciorrann an tAm - Orna Ní Choileáin (Cois Life, 2014)

Ar dtús, san fhíseán seo léann Orna sliocht as an scéal Cuairteoir óna cnuasach nua gearrscéalta Sciorrann an tAm (Cois Life, 2014).
 

Anois, sula dtabharfaimid an dara blaiseadg as an gcnuasach, is fiú a lua gur scríobh Heidi Pitlor, eagarthóir na sraithe Best American Short Stories, le déanaí faoi cad is gearrscéal den scoth ann - 
A good story tells you something interesting about someone. Things happen in a good story. People reveal who they are.’ 

Ach is rudaí coitainta go leor iadsan, le fírinne.

Is ina dhiaidh sin nuair a d’ áirigh Pitlor cuid de na tréithe is neamhchoitianta gur chuimhníomar ar Orna Ní Choileáin agus ar an gcnuasach nua gearrséalta uaithi, Sciorrann an tAm

Dúirt Pitlor an méid seo: 
Here are some things I wish I saw more frequently: humour, genre-bending, humor, risk-taking, a more direct addressing of real world matters, humour.

An té a léifidh na scéalta in Sciorrann an tAm, aithneoidh sé nó sí na tréíthe seo sna horlaí sa scríbhneoireacht agus chun blaiseadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil sa chnuasach iontach seo tugaimid sliocht anseo thíos as ceann de na scéalta. Ní loitfimid an scéal oraibh tríd an iomlán a thabhairt - is gá an leabhar a cheannach chun é sin a fháil amach …



Quick Pick

‘Emmet?’

D’ardaigh Emmet a chloigeann agus d’fhéach go leamh ar an té a bhí ag cur cainte air agus é i mbun urlár an mhionmhargaidh a scuabadh.

‘Emmet! Shíl mé gur tú a bhí ann!’ arsa an bhean óg.

Sheas Emmet suas díreach, réitigh na spéaclaí ar a shrón agus d’fhéach sé go grinn uirthi. Bean sheang dhea-chumtha a bhí os a chomhair amach, cóta lánfhada a raibh bóna fionnaidh air á chaitheamh aici. An raibh aithne aige uirthi? Arbh í seo Saoirse? Nó Fionnuala? Éimear, b’fhéidir? Cárbh as di fiú?

‘Aoife! Ó Mheánscoil Chaoimhín!’ ar sí, agus aoibh an gháire uirthi go fóill. ‘Bhíomar sa rang Fisice le chéile!’

Ní raibh aon chuimhne ag Emmet ar Aoife ar bith a bheith sa rang fisice leis. Ní nach ionadh nuair a bhí a chloigeann sáite i gcónaí i gcúrsaí ríomhaireachta agus anailíse. Bhí cuimhne ag an gcailín dathúil seo air siúd áfach. Chlaon sé ar an scuab agus rinne lagiarracht meangadh beag gáire a chur ar a aghaidh. Níor theastaigh uaidh ligean air féin go raibh dearmad
glan déanta aige uirthi.

‘Aoife, ar ndóigh! Tá cuma dhifriúil ort – dath na gréine ort – agus dath do ... do chuid gruaige níos ... níos gile ná mar a bhí sí, sílim?’

‘Tá! Mar táim díreach tar éis filleadh ó Lake Tahoe! Ag obair go páirtaimseartha mar gharda tarrthála a bhí mé ann. Áit aoibhinn ar fad is ea é – an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach uile lá den tseachtain! Ag tabhairt aghaidh ar Thrá Bondi i gceann coicíse eile a bheidh mé. Tá an-sceitimíní orm faoi sin!’

‘Ní fheadar cad chuige ar tháinig tú ar ais chuig an dumpa seo in aon chor mar sin?’ arsa Emmet, pas beag searbhasach. Is amhlaidh a chuir dea-scéalta eachtraíochta dhaoine eile olc air.

Níor thóg Aoife aon cheann den leadrán a bhí air. ‘Oíche na n-iarscoláirí ar siúl an tseachtain seo chugainn gan amhras! An mbeidh tú ann? Samhlaigh – tá deich mbliana curtha dínn againn ó bhíomar ar scoil!’

‘Ní bhfuaireas cuireadh.’

Dhearg Aoife. Bhí a béal ar leathadh agus í ag lorg rud éigin le rá nuair a bhris seanbhean isteach orthu.

‘An mbeadh a fhios ag ceachtar agaibhse cá bhfuil an snasán troscáin? Táthar tar éis gach rud a athrú timpeall arís sa siopa. Ní féidir liom teacht ar rud ar bith.’

Chrom Emmet síos, d’aimsigh canna snasáin agus shín chuici é.

‘Buíochas,’ arsa an tseanbhean agus bhailigh sí léi síos an pasáiste. Dhírigh Emmet ar Aoife an athuair. Bhí sí fós ag bladar léi mar gheall ar oíche na n-iarscoláirí. ‘Beimid ag bualadh le chéile sa chathair le haghaidh
cúpla deoch. Seans nach raibh a fhios ag daoine go raibh tú fós timpeall na háite!’

‘Tháinig siad ortsa agus tú breis is ocht míle ciliméadar ón áit seo.’

Thug Aoife sracfhéachaint fhiosrach ar Emmet ach chuir sí meangadh ar a béal arís ar an bpointe.

‘Ócáid neamhfhoirmeálta atá i gceist,’ ar sí chomh gealgháireach is a bhí riamh. ‘Éist, cuardaigh m’ainm ar Facebook! Tá na sonraí ansin. Dé Céadaoin seo chugainn ...’.

‘Tráthnóna Dé Céadaoin?’ arsa Emmet. ‘Ní bheidh mé saor. Beidh mé ag obair.’

‘D’fhéadfá teacht tar éis na hoibre. Ní thosóidh sé go dtí a seacht nó a hocht. Mar a dúirt mé – rud neamhfhoirmeálta atá ann.’

‘Beidh mé teannta san obair go dtí meán oíche.’ 

‘Go dtí meán oíche? Ach cá bhfuil tú ag obair?’

‘Anseo.’

‘Ach cá bhfuil ... Ó!’

Chuir Aoife lámh lena béal. Bhí fáinne mór diamaint ar an lámh chéanna. D’amharc sí ar an scuab a bhí ina lámh i gcónaí ag Emmet. Leath a súile nuair a rith sé léi cad a bhí i gceist aige.

‘Anseo ... sa siopa seo! Ó! Thuig mé gur ag ceannach na scuaibe sin a bhí tú! Ó, a Emmet. Bhí tusa ar an duine is fearr sa rang fisice. Shíl mé i gcónaí gur i saotharlann faoi rún daingean a bheifeá ag saothrú ...’

Tháinig guth eile ar snámh chucu tríd an aer agus bhris isteach ar an gcomhrá. Bainisteoir an tsiopa a bhí ann agus í thar a bheith cantalach, mar ba ghnách léi.

‘A Emmet!’

‘Caithfidh mé filleadh ar an obair,’ arsa Emmet go drogallach le hAoife.

‘Ar ndóigh!’ arsa Aoife de ghuth íseal. Thug sí cúl d’Emmet agus lig uirthi go raibh sí ag déanamh mionscrúdú ar an réimse táirgí glantacháin a bhí ar fáil sa siopa.

‘A Emmet,’ arsa an bainisteoir an athuair. ‘Tá súil agam nach ag meilt ama ansin thiar a bhí tú! Bhíos do d’iarraidh. Nár chuala tú an dordánaí ag bualadh? Nó an mbeidh orm glaoire pearsanta a fháil duit?’

‘Ag cur comhairle ar chustaiméir a bhí mé,’ a d’fhreagair Emmet, agus an searbhas le cloisteáil ina ghlór i gcónaí. Bhí fuath aige don bhean seo agus a cumhrán nimhiúil.

‘Tá custaiméirí ag feitheamh ag barr an tsiopa,’ ar sí. ‘Ar mhiste leat dul i bhfeighil an scipéid seachas a bheith ag crochadh thart anseo?’

Gheit croí Emmet. Ní raibh sé ag súil go n-iarrfadh sí é seo air go fóill. Ardú céime ab ea é bheith ag glacadh le hairgead sa siopa, rud a raibh sé ag feitheamh leis ón gcéad lá. Ghread sé leis go barr an tsiopa.

Sheas an bainisteoir taobh thiar de agus Emmet ag déileáil leis an gcéad bhuíon custaiméirí. Ba bheag comhairle a bhí uaidh chun tabhairt faoin gcúram. Bhí cur amach aige cheana féin ar fheidhmiú an scipéid airgid. Bhí sé ag obair leis gan dua.

Shroich Aoife barr na scuaine agus Emmet a bhí ag freastal uirthi. Seampú an t-aon earra a bhí aici ina ciseán.

‘Agus Lató na hoíche anocht,’ ar sí.

‘Déanfaidh mise é sin,’ arsa an bainisteoir.

‘Ní gá,’ arsa Emmet. ‘Tá a fhios agam conas é a dhéanamh. An bhfuil na 
huimhreacha ullamh agat, a Aoife?’

‘Déanfaidh an Quick Pick cúis,’ a d’fhreagair sí.

‘Agus an Plus?’

‘Agus an Plus.’

Chas Emmet chun an mheaisín in aice leis. Gléas bunúsach a bhí ann. An ceann céanna a bhí sa siopa le deich mbliana anuas ar a laghad. Scáileán tadhaill a bhí air. Ní raibh le déanamh aige ach an cineál Lató a bhí ag teastáil a roghnú – gnáth-Lató oíche Shathairn a bhí i gceist ag Aoife – an cnaipe Quick Pick a bhrú agus ar an gcéad taispeáint eile an Plus a bhrú.

‘Ceithre euro don Lató agus trí caoga don seampú. Sin seacht caoga ar fad,’ arsa Emmet. Thug sé an ticéad d’Aoife agus shín sí chuige nóta airgid.

Chaith sé an t-airgead isteach i dtrach an mheaisín agus thóg an tsóinseáil amach. Leis an tsóinseáil, chuir sé an íocaíocht don seampú isteach i scipéad airgid an tsiopa. Bearta airgid éagsúla ab ea an dá rud – íocaíocht an Lató agus airgead an tsiopa.

‘D’fhéadfása fós bualadh linn níos moille oíche Dé Céadaoin,’ arsa Aoife de chogar, agus í ag glacadh leis an tsóinseáil uaidh. Chuir sí an seampú isteach ina mála. ‘Bím sáite i gcónaí sa ríomhaire agus beidh mé ag faire amach duit. Cuirfidh mé tú ar an eolas ar an toirt ach mé a chuardach ar Facebook – nó Twitter!’

‘Déanfaidh mé é sin!’ arsa Emmet agus d’fhág slán aici.

D’fhair sé ina diaidh, agus í ag bailiú léi. Ní fheadar an mó ‘Aoife’ a bhí ar na suíomhanna a luaigh sí mar ní raibh tuairim faoin spéir ag Emmet cén sloinne a bhí uirthi.



Díreach ag an nóiméad sin, tháinig mearchuimhne chuige go raibh Aoife i rang éigin ar scoil leis. Ina suí taobh thiar de. Ba chuimhin leis gur léirigh an Aoife seo an-suim ann. B’in toisc go raibh sé de dhrochnós aici a chuid
oibre a chóipeáil!

Ach cailín trom goiríneach ab ea í siúd, a bhíodh de shíor ag cur as dó. Shíl Emmet nach bhfeicfeadh sé go deo arís í agus bhí súil aige nach bhfeicfeadh. Scéal eile ar fad a bhí san Aoife seo. Ógbhean ard chaol ab ea í agus cuma an rachmais uirthi. Ní fhéadfadh gurbh í seo an duine céanna.

Ba chuma faoi sin anois. Mar ba chuma sa sioc le hEmmet faoin gcruinniú sa teach tábhairne agus faoin dream a d’fhág sé ina dhiaidh sa mheánscoil. Ní fhaca sé duine ar bith díobh ón lá a chríochnaigh sé an páipéar scrúdaithe deireanach – fisic, mar a tharla. Ní raibh sé ar intinn aige iarracht a dhéanamh Aoife ná duine ar bith eile ón rang a chuardach ar Facebook ná Twitter ná in aon áit eile. Bhí cúraimí níos práinní air ná a bheith ag meilt ama agus ag cur airgid amú leis an scata amadán a bhí sa ghrúpa sin.

Dhírigh sé ar an gcéad chustaiméir eile. Quick Pick eile á cheannach aici.

***

Cúpla mí roimhe sin, sular thosaigh sé ag obair sa siopa, thosaigh Emmet ag póirseáil th art ar shuíomh an Lató. B’iomaí tréimhse ama a chaitheadh sé ag scimeáil ar an Idirlíon agus nuair a bhíodh fonn air, dhéanadh sé bradaíl ar roinnt suíomhanna chun sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu.

Ba é an rud ba thábhachtaí a bhain sé as an anailís a rinne sé ar shuíomh an Lató ná nach gceannódh sé ticéad Lató go deo arís. Thuig sé gurbh fhíorannamh a bhíodh an mheáníocaíocht a tairgeadh oíche ar bith níos mó ná costas na dticéad féin. B’ionann sin agus go raibh an dóchúlacht (codán bídeach) go roghnódh sé na huimhreacha cuí méadaithe faoin íocaíocht a bheadh le fáil, níos lú ná cúpla euro. An cúpla euro a chaithfí ar an ticéad.

Níos measa fós a bheadh an toradh, sa chás go mbuafadh sé, dá mbeadh na huimhreacha céanna roghnaithe ag imreoirí eile. Bheadh air an duais a roinnt leo siúd.

Fíorbheagán daoine a thuig an cluiche Lató i gceart. Chreid roinnt díobh nach bhféadfadh na huimhreacha céanna a bheith mar thoradh air dhá uair as a chéile. Ach níorbh fhíor sin. Nó shíl daoine nach bhféadfadh sraith uimhreacha ar nós 1, 2, 3, 4, 5, 6 ... tarlú riamh. Ach d’fhéadfadh an toradh sin a bheith air chomh maith.

Go teoiriciúil.

Ar ndóigh, bhí gach seans ann gur liathróidí calaoiseacha a bhí sa bhosca ag ceanncheathrú an Lató. D’fhéadfadh ceann amháin a bheith níos troime ná ceann eile – de thimpiste nó d’aon ghnó. Ní bheadh aon deis aige féin anailís a dhéanamh ar a leithéid toisc nach raibh sé in ann mionscrúdú a dhéanamh ar na liathróidí. Agus toisc go n-athraítí na liathróidí ó am go ham.

Mhaolaigh an seans ag duine ar bith airgead a ghnóthú ón Lató le hathrú an phróisis iontrála agus buachana. Bhí an próiseas tar éis éirí níos casta le himeacht ama de bharr méadú ar líon na n-uimhreacha, an Plus, na réaltaí agus eile.

Nuair a rinne Emmet an bhradaíl, thuig sé go bhféadfadh sé a fháil amach cá raibh imreoir a bhí ag ceannach ticéid nó ag seiceáil uimhreacha Lató ar an Idirlíon. Thug sé faoi deara an líon daoine a chuaigh i muinín an Quick Pick. Ceal ama agus leisce faoi deara an claonadh sin, dar leis.

Bhí gach buaiteoir in ann an t-airgead a bhuaigh sé nó sí, faoi bhun suim áirithe, a bhailiú ó shiopa ar bith ina raibh an Lató ar díol. Ach chun airgead buaite, a bhí os cionn suim áirithe a éileamh, níor mhór don bhuaiteoir dul isteach chuig an gceanncheathrú chun é a bhailiú.

Bhí Emmet den tuairim go mba bhreá leis dul ag obair i geanncheathrú an Lató chun tuilleadh eolais a fháil agus leas a bhaint as an eolas sin. Ach bheadh sé níos éasca post a fháil in Spar nó Centra ina raibh an Lató ar díol. Bhí féidearthachtaí aige ansin fós. B’in é an fáth ar chuir sé isteach ar phost ag glanadh urlár mionmhargaidh i lár na cathrach. B’éigean dó an t-iarratas aige a shimpliú ar ndóigh, agus fuair sé an post.

Bhí clár speisialta scríofa ag Emmet. Dúshlán ab ea é an clár a scríobh agus thóg sé tamall air, ach d’éirigh leis. Córas oibriúcháin comhoiriúnach – Linux – a bhí aige ar ríomhaire dá chuid sa bhaile. D’uaslódáil sé an clár ar a fhón póca. B’in a raibh uaidh.

***

Is féidir an chuid eile den scéal agus na gearrscéalta eile sa chnuasch Sciorrann an tAm a léamh ach é a cheannach i gcóip chrua nó ríomhleabhair ó www.coislife.ie 

(gach cóipcheart @ Orna Ní Choileáin, 2014)









No comments:

Post a Comment