Monday, September 15, 2014

Súile eile

Aoi-bhlag Alex Hijmans





A panel of helpful readers can be a valuable asset during the editing process, but writers should be careful about selecting them, Alex Hijmans writes in the ninth episode of his monthly guest blog on creative writing.


Agus an scríbhneoir i mbun eagarthóireachta, tiocfaidh an pointe nach mbeidh de dhifríocht idir leagan amháin den saothar atá idir lámha aige agus an chéad leagan eile ach cúpla camóg. Nuair a bhainimse an pointe sin amach, tá a fhios agam nach mbeidh mé féin in ann mórán snasa sa bhreis a chur ar an togra: tá sé in am é a thabhairt ar lámh do dhuine éigin eile.
Thiocfadh le duine saothar a chur caol díreach chuig iris liteartha ag an bpointe sin, nó chuig foilsitheoir fiú amháin, ach b’fhearr liom féin gan. Le blianta anuas, is nós liom mo chuid scríbhneoireachta a thaispeáint do phainéal beag de ‘léitheoirí cabhracha’. Is mó a fheiceann dhá, trí nó ceithre phéire súl ná péire súl amháin. Ní amháin go gcabhraíonn na léitheoirí cabhracha seo liom botúin agus doiléireachtaí a bhaint amach as an téacs, tugann siad comhairle agus cuireann siad ceisteanna crua más gá.
Mholfainn do scríbhneoir ar bith painéal neamhfhoirmeálta den chineál seo a tharraingt timpeall air féin, ach caithfear a bheith cúramach faoi rud nó dhó. Ná bíodh dul amú ar éinne: tá na léitheoirí cabhracha seo ann chun critic a thabhairt. Ar an ábhar sin, ní bheadh sé ciallmhar daoine nach bhfuilimid in ann glacadh le critic agus cáineadh uathu a roghnú. Ar an lámh eile, ní bheadh sé ciallmhar ach an oiread daoine a phiocadh nach ndéarfadh ach ‘Is ea, bhí sé sin go hálainn’ tar éis dóibh do shaothar a léamh; is beag cabhrach a bheadh iontu sin. Is é mo thaithí féin nach iad dlúthchairde na léitheoirí cabhracha is fearr agus gur fearr gaolta a sheachaint ar fad.
Is dócha gurb é an chéad rud a rithfeadh le scríbhneoir a dteastaíonn uaidh painéal den chineál seo a chur le chéile ná scríbhneoirí eile a roghnú: tuigeann ciaróg ciaróg eile agus is féidir an gar a aisíoc ach dréachtaí a bhabhtáil. Ach ní gá gur scríbhneoirí iad na léitheoirí cabhracha ar chor ar bith. Go deimhin, níl ach scríbhneoir amháin i measc na ndaoine a dtaispeánaim mo chuid oibre dóibh go rialta. 
Tríd an ríomhphost a chuirim saothair nua chuig mo chuid léitheoirí cabhracha agus is tríd an ríomhphost a fhaighim a n-aiseolas uathu. Éascaíonn sé sin an próiseas, dar liom, toisc gur ionraice an chritic go minic muna mbíonn ar an léitheoir agus ar an scríbhneoir breathnú isteach i súile a chéile agus an saothar á phlé acu. Anuas ar sin, bíonn sé i bhfad níos fusa teacht ar aiseolas scríofa agus tú i mbun eagarthóireachta ar shaothar arís lá níos faide anonn ná bheith ag iarraidh cuimhniú ar chomrá béil.
Bealach eile chun aiseolas a fháil ar shaothar nua ná páirt a ghlacadh i ngrúpa scríbhneoireachta. Bhí mé i mo bhall de ghrúpa mar seo ar feadh bliana nó dhó nuair a bhí cónaí orm i nGaillimh. Bheadh seisear nó seachtar scríbhneoirí i láthair, léifeadh beirt nó triúr scéal nó sliocht. Dhéanfaí plé agus thabharfaí comhairle, ach ní bhíodh ceachtar thar mholadh beirte toisc nach mbíodh sé de mhisneach ag éinne saothar dhuine eile a cháineadh má bhí gá leis. 
B’fhiú go mór freastal ar na cruinnithe seo ar dhá chúis eile, áfach. Sa chéad dul síos, ba spreagadh iad chun saothair nua a scríobh (agus a chríochnú) go rialta. Sa dara dul síos, ba áis den scoth a bhí sna soirées seo le haithne a chur ar chomhghleacaithe. Ina aonar a bhíonn an t-údar nuair a bhíonn sé ag obair, ach ní gá gur ceird uaigneach a bheadh sa scríbhneoireacht.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

Sunday, September 7, 2014

Rogha Alt - Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014)

Rogha Alt (English version below)
Is cuma más ealaín nó ceird í an aiste liteartha tá sé léirithe ag Liam Ó Muirthile go bhfuil sé ina mháistir orthu. Is clasaicí anois iad cuid de na haistí fuinte seo ar foilsíodh leaganacha díobh den chéad uair sa cholún ‘An Peann Coitianta’ a scríobh Liam Ó Muirthile san Irish Times idir 1989 agus 2003. 

Aisteach go leor, cé gur scríobhadh na haistí roinnt bliant ó shin, tá siad go mór i dtiúin le dea-idéil an chleachtais sna meán reatha sa mhéid is go bhfuil siad idir ghonta agus mhachnamhach araon; ba dhóigh le duine gur cumadh na míreanna seo le bheith díreach in oiriúint do bhlag léannta, liteartha nó don dialann ar-líne.

Is é seo an dara heagrán de rogha na gcolún sin agus iad athchóirithe ag an údar, ach roghnaithe ag Regina Uí Chollatáin agus ag Aisling Ní Dhonnchadha i bhfianaise a dtaithí teagaisc tríú leibhéal.

Mar bhlaiseadh beag bídeach dá bhfuil i ndán don té a cheannóidh an cnuasach seo tugaimid aiste amháin thíos (faoi bhun an Bhéarla), ceann cáiliúil dar teideal 'Á, poor iad'.

Rogha Alt le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014) - ceannaigh anseo.

Rogha Alt
Whether one regards the literary essay as art or craft, Liam Ó Muirthile has shown himself to be a master of this particular form. These essays were first published between 1989 and 2003 in Ó Muirthile’s column for The Irish Times, ‘An Peann Coitianta’, and are regarded as classics. 

Although written a number of years ago, these essays could be said to exemplify an idealised form of contemporary media practice in that they are both concise and thoughtful; one could be forgiven for thinking they were written for a particularly erudite literary blog or online diary. 

This is the second edition of a selection from this column, revised by the author but selected by Regina Uí Chollatáin and Aisling Ní Dhonnchadha based on their third level teaching experience.

One of the essays from the collection is reproduced in full below - there is no English-language version, but the piece plays on the creole-like communication of children brought up as Irish speakers in a predominantly English-speaking world.

Rogha Alt by Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014) may be purchased here.
_________
Á, poor iad

‘Haidhe, a bhuachaillí, cad atá ar siúl agaibh in ainm Dé. Éiríg as nó leagfaidh sibh an tigh.’
‘Tá muid ag spraoi,’ a liúigh duine acu ón seomra ina rabhadar.
‘Tá’s agam go bhfuil sibh ag spraoi ach canathaobh an troid?’ arsa mise ón gcistin.
‘Thosaigh sé shouting at mé,’ arsa an garsún is óige.
‘Agus cad a thug air bheith ag liúirigh ort?’
‘Cad’, a liúigh sé ón seomra.
‘Cén fáth ar liúigh sé ort?’, a d’fhiafraíos.

Tháinig an bheirt acu amach as an seomra, allas ag sileadh leo, na pluca beirithe. Leanadar orthu ag sá, ag brú, ag tabhairt soncanna dá chéile, agus ag tarraingt ciceanna ar a chéile.
‘Caithfidh sibh éirí as a deirim. Cad atá ar siúl agaibh?’
‘Tá muid ag déanamh sumo wrestling.’
‘Agus an mbíonn sibh shouting lena chéile i sumo?’
‘Bíonn muid.’
‘Cén difear atá idir gnáthiomrascáil agus sumo?’
‘Bíonn siad ag rolling timpeall, agus i sumo caitheann tú brú an duine amach as an sacred ring.’
‘Á, tuigim. Cró-Magnon. Is maith libh an sumo.’
‘Is maith. Tá sé a lán difriúil le cad a cheapann daoine atá sé mar.’
‘An mar sin é?’
‘Mar.’
‘Bhrúigh sé mé amach,’ arsa an garsún is óige agus taghd ag teacht arís air, ‘ach bhrúigh mé é amach.’
‘Níor,’ arsa an garsún is sine.
‘Bhrúúúú ... agus dúirt tú níor bhrúigh ach bhrúigh.’
‘Álraidht, éiríg as agus bíodh deoch agaibh. Is gearr go bpléascfaidh duine agaibh. Suígí ag an mbord.’

‘Needann mé deoch badly,’ arsa an garsún is óige.
‘Agus mé,’ arsa a dheartháir, ‘needann mé é an-, an-, an-.’
‘Féach an bhfuil sú oráiste sa fridge.’
‘Níl aon ann.’
‘Cad é aon, nó aon cad?’
‘Orange juice.’
‘Uisce mar sin.’

‘Ná fág na geansaithe sin ar an urlár.’
‘Cén fáth nach?’
‘In ainm Dé! In ainm dílis Dé! Nílimse chun sibh a leanúint timpeall an tí ag ardú balcaisí ón urlár.’
‘Take mé mo jumper off mar bhí mo T-shirt stretched after sumo.’
‘Cad é? Abair é sin arís ...’.
‘Take mé ... ná write é sin síos a Dhaid, bíonn tú i gcónaí ag writing síos rudaí.’
‘Álraidht, álraidht ... tá an Nollaig buailte linn a leaideanna. Níl Santa ag teacht ach chun duine amháin agaibh i mbliana. Cad atá uaibh ar aon nós?’
‘Playstation,’ arsa an garsún a raibh Santa ag teacht chuige.
‘Tá’s agaibh ná ligfidh Mam do Santa Playstation a hAon nó a Dó nó aon uimhir eile a thabhairt isteach sa tigh.’


‘Ach níl Santa ag teacht go dtí mééé,’ arsa an garsún is sine.
‘Bhfuil tusa ag iarraidh Playstation?’
‘Níl.’
‘Cad é, mar sin?’
‘Níl mé ag iarraidh faigh an rud i gcónaí faigheann mé.’
‘Is gearr uainn do dhéaga chím.’
‘Cad?’
‘Faic ... Féach anseo ag an ríomhaire, teastaíonn uaim an suíomh Idirlín seo a thaispeáint daoibh ... www.hungersite.com. Tar i leith anseo agus chífidh sibh. Gach 3.6 soicind faigheann duine éigin bás le hocras ar domhan, agus leanaí an chuid is mó díobh. Féach an spota dubh ar an scáileán. Sin duine ag fáil bháis.’
Chaoch tír. Chuaigh anam as. Chaoch Honduras. Mhúch.

D’fhanadar ina dtost ag féachaint ar an scáileán.
‘Agus féach, má bhrúnn mé an cnaipe seo ‘donate food’ gheobhaidh duine éigin soláthar bia. Fós, tá rud éigin mícheart ...’
‘Sin go léir an airgead go bhfuil agam, 3 euro 60 cent.’
‘Sin go léir an airgead go bhfuil agam, 2 euro 24 cent.’
‘Á, leaids, nílim ag iarraidh an Nollaig a mhilleadh oraibh. Sinne daoine móra a chuireann leanaí as a meabhair aimsir na Nollag leis na siogairlíní. Níl ann ach go gcaithfimid cuimhneamh ar na daoine bochta, teacht i gcabhair ar dhuine éigin, agus fós féile a bheith againn.’

Lean na paistí dubha ag caochadh ar an scáileán, mar a bheadh blabanna dúigh ar pháipéar súite.
‘Á, poor iad,’ arsa an garsún is sine.
‘Á, poor iad.’
(cóipcheart ag Liam Ó Muirthile)

Ár dTéarmaí Féin - Fidelma Ní Ghallchobhair (Cois Life, 2014)

Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair (English-language version below)

Rianaítear sa saothar seo stair agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge ón gcianaimsir anonn. Beidh an leabhar ina chuidiú ag mic léinn agus daoine eile i mbun staidéir ar an nGaeilge chun acmhainn agus saothrú na teanga le dul i ngleic le coincheapa nua a chur in iúl agus i gcomhthéacs. 

Léirítear tuismíocht na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile agus an gaol ag an nGaeilge leis na teangacha ba mhó teagmhála léi, agus an chaoi ar forbraíodh patrúin sa teanga ó thaobh ceapadh focal agus déileáil le hiasachtaí. 

Tugtar spléachadh ar thionchar an Bhéarla in Éirinn agus ar thorthaí an tionchair sin ar an nGaeilge. Déantar plé ar an ngníomhaíocht aidhmeannach ba bhun le forbairt nuathéarmaíochta don ré chomhaimseartha agus cuirtear na prionsabail a forbraíodh i gcomhthéacs idirnáisiúnta. 

Dírítear ansin ar an bpraictic – saothrú na téarmaíochta ó lá go lá – agus tugtar samplaí, modhanna agus ceachtanna chuige sin.

Téarmeolaí aitheanta is ea Fidelma Ní Ghallchobhair agus is iar-Uachtarán í ar Bhord an EAFT (the European Association for Terminology).

Ceannaigh Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair anseo.


_______________

This work traces the history and development of terminology in the Irish language from ancient times to the present day in a way that is accessible to all. 

The influence of other language on Irish in terms of the language’s systems of devising words and dealing with loans-words and the impetus behind modern terminology in Irish are explored and the principles of terminologival work are set in an international context. 

The everyday, practical work of terminology is then outlined with examples.

Fidelma Ní Ghallchobhair is a renowned terminologist and former Presdent of the Board of the European Association for Terminology.

Ár dTéarmaí Féin by Fidelma Ni Ghallchobhair may be bought here.

Monday, September 1, 2014

Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

TÉARMAÍOCHT GHAEILGE NA hATHBHEOCHANA

Ar fáil anois!

 


Tá an t-ochtú leabhar sa tsraith monagraf Lúb ar Phár ar fáil anois. Sa saothar seo, ríomhann Conchúr Mag Eacháin scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

This work gives an account of Irish-language terminology during the Revival until 1927 when the Department of Education of the Irish Free State established the terminology committee.The role and status of Irish as a national language and its influence on the views of the Irish-language community regarding the language and terminology itself are also looked at. A wide range of the original articles and sources are included in the work – which greatly contributes to the modern understanding of the Revival.

Sliocht as caibidil 2:

'"Milis an teanga an Ghaedhealg,/Guth gan chabhair choigcríche (Mac Giolla Eáin 1900: 17)" Is línte filíochta iad seo a leagtar ar Sheathrún Céitinn de ghnáth agus an file clúiteach ag moladh acmhainn na Gaeilge, cé go ndeir Cunningham (2000: 128) nach móide gur chum an Céitinneach na véarsaí seo. Ar ndóigh, tuigtear nach fíor an méid sin i gcás na Gaeilge ná i gcás teanga ar bith eile go dearfa, mar a mhaíonn Jespersen: ‘No language is ever entirely free from borrowed words, because no nation has ever been completely isolated’ (1922: 208); agus Thomason: ‘Language contact is everywhere: there is no evidence that any languages have developed in total isolation from other languages’ (2001: 8). Ag brath ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta agus ar theagmháil le cultúir agus le teangacha eile bhí téarmaí nua ag teacht isteach sa Ghaeilge ar dhóigheanna éagsúla.'



ISBN: 9781907494413
Praghas: €20
Ar fáil ar www.coislife.ie