Monday, September 15, 2014

Súile eile

Aoi-bhlag Alex Hijmans





A panel of helpful readers can be a valuable asset during the editing process, but writers should be careful about selecting them, Alex Hijmans writes in the ninth episode of his monthly guest blog on creative writing.


Agus an scríbhneoir i mbun eagarthóireachta, tiocfaidh an pointe nach mbeidh de dhifríocht idir leagan amháin den saothar atá idir lámha aige agus an chéad leagan eile ach cúpla camóg. Nuair a bhainimse an pointe sin amach, tá a fhios agam nach mbeidh mé féin in ann mórán snasa sa bhreis a chur ar an togra: tá sé in am é a thabhairt ar lámh do dhuine éigin eile.
Thiocfadh le duine saothar a chur caol díreach chuig iris liteartha ag an bpointe sin, nó chuig foilsitheoir fiú amháin, ach b’fhearr liom féin gan. Le blianta anuas, is nós liom mo chuid scríbhneoireachta a thaispeáint do phainéal beag de ‘léitheoirí cabhracha’. Is mó a fheiceann dhá, trí nó ceithre phéire súl ná péire súl amháin. Ní amháin go gcabhraíonn na léitheoirí cabhracha seo liom botúin agus doiléireachtaí a bhaint amach as an téacs, tugann siad comhairle agus cuireann siad ceisteanna crua más gá.
Mholfainn do scríbhneoir ar bith painéal neamhfhoirmeálta den chineál seo a tharraingt timpeall air féin, ach caithfear a bheith cúramach faoi rud nó dhó. Ná bíodh dul amú ar éinne: tá na léitheoirí cabhracha seo ann chun critic a thabhairt. Ar an ábhar sin, ní bheadh sé ciallmhar daoine nach bhfuilimid in ann glacadh le critic agus cáineadh uathu a roghnú. Ar an lámh eile, ní bheadh sé ciallmhar ach an oiread daoine a phiocadh nach ndéarfadh ach ‘Is ea, bhí sé sin go hálainn’ tar éis dóibh do shaothar a léamh; is beag cabhrach a bheadh iontu sin. Is é mo thaithí féin nach iad dlúthchairde na léitheoirí cabhracha is fearr agus gur fearr gaolta a sheachaint ar fad.
Is dócha gurb é an chéad rud a rithfeadh le scríbhneoir a dteastaíonn uaidh painéal den chineál seo a chur le chéile ná scríbhneoirí eile a roghnú: tuigeann ciaróg ciaróg eile agus is féidir an gar a aisíoc ach dréachtaí a bhabhtáil. Ach ní gá gur scríbhneoirí iad na léitheoirí cabhracha ar chor ar bith. Go deimhin, níl ach scríbhneoir amháin i measc na ndaoine a dtaispeánaim mo chuid oibre dóibh go rialta. 
Tríd an ríomhphost a chuirim saothair nua chuig mo chuid léitheoirí cabhracha agus is tríd an ríomhphost a fhaighim a n-aiseolas uathu. Éascaíonn sé sin an próiseas, dar liom, toisc gur ionraice an chritic go minic muna mbíonn ar an léitheoir agus ar an scríbhneoir breathnú isteach i súile a chéile agus an saothar á phlé acu. Anuas ar sin, bíonn sé i bhfad níos fusa teacht ar aiseolas scríofa agus tú i mbun eagarthóireachta ar shaothar arís lá níos faide anonn ná bheith ag iarraidh cuimhniú ar chomrá béil.
Bealach eile chun aiseolas a fháil ar shaothar nua ná páirt a ghlacadh i ngrúpa scríbhneoireachta. Bhí mé i mo bhall de ghrúpa mar seo ar feadh bliana nó dhó nuair a bhí cónaí orm i nGaillimh. Bheadh seisear nó seachtar scríbhneoirí i láthair, léifeadh beirt nó triúr scéal nó sliocht. Dhéanfaí plé agus thabharfaí comhairle, ach ní bhíodh ceachtar thar mholadh beirte toisc nach mbíodh sé de mhisneach ag éinne saothar dhuine eile a cháineadh má bhí gá leis. 
B’fhiú go mór freastal ar na cruinnithe seo ar dhá chúis eile, áfach. Sa chéad dul síos, ba spreagadh iad chun saothair nua a scríobh (agus a chríochnú) go rialta. Sa dara dul síos, ba áis den scoth a bhí sna soirées seo le haithne a chur ar chomhghleacaithe. Ina aonar a bhíonn an t-údar nuair a bhíonn sé ag obair, ach ní gá gur ceird uaigneach a bheadh sa scríbhneoireacht.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

No comments:

Post a Comment