Wednesday, November 19, 2014

An leathanach lán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Writing a work of fiction is one thing. Selling it is quite another, Alex Hijmans writes in the eleventh episode of his guest blog on creative writing.

Tá do scéal curtha ar pháipéar agat agus oiread eagarthóireachta déanta agat air agus is féidir; tá an toradh léite ag duine nó beirt a bhfuil muinín agat as a dtuairim agus bhí a dtuairim fabhrach. Bhí do leathanach bán, anois tá sé lán. Tá sé in am a bhfuil scríofa air a thaispeáint don saol mór.

Más dán nó gearrscéal atá scríofa agat, is fiú go mór an saothar críochnaithe a chur chuig iris liteartha. Ceird ar leith is ea é do chuid scríbhneoireachta a chur faoi bhráid fhoilseacháin liteartha. Bí cinnte go n-oireann do shaothar don fhoilseachán a bhfuil sé ar intinn agat é a chur chuige agus bí cinnte freisin go bhfuil treoracha an fhoilseacháin maidir le saothair neamhchoimisiúnaithe léite agat. Ná bí ag súil le mórán ar feadh an chéad chúpla mí tar éis duit do leanbh a chur sa phost. Ansin, bí ag súil le litir ghairid ina ndiúltaítear do do shaothar.

Gortóidh sé sin. Ach faoin am sin, beidh scéal nó dán eile críochnaithe agat – bíonn tú ag scríobh leat i gcónaí, nach mbíonn? Ceannaigh clúdach agus stampa agus cuir an saothar sin sa phost – chuig an bhfoilseachán céanna más maith leat, nó áit éigin eile.

Is ea is mó scéalta a chuireann tú faoi bhráid irisí liteartha, is mó an líon litreacha diúltaithe a gheobhaidh tú. Ach ná bíodh aon dul amú ort: méadaíonn an seans go nglacfar le scéal de do chuid gach uair a chuireann tú ceann sa phost. Lá breá éigin, gheobhaidh tú litir dhearfach, ag tabhairt le fios duit go mbeidh do shaothar i gcló. Bionn fanacht fhada ann, uaireanta. Chuaigh bliain thart sular chuala mé aon cheo faoi leagan Béarla de ghearrscéal liom a bhí curtha chuig iris aitheanta Bhreataineach agam; nuair a thugadar le fios gur theastaigh uathu é a fhoilsiú, chuaigh bliain eile thart sular chuireadar i gcló é.

Má tá saothar níos faide scríofa agat – úrscéal, dráma nó leabhar neamhfhicsin – beidh sé níos deacra aird irise liteartha a mhealladh, cé go bhfuil foilseacháin ann a fhoilsíonn sleachta gearra as saothair fhada. Cibé ar bith, má theastaíonn uait an saothar iomlán a fheiceáil i gcló, beidh ort dul ar thóir fhoilsitheora leabhair. Má bhíonn cnuasach gearrscéalta nó dánta réidh agat agus ceann nó dhó acu foilsithe in iris liteartha, ba cheart duit an rud céanna a dhéanamh.

Bhí an t-ádh dearg liomsa leis seo; ba é an chaoi gur iarr foilsitheoir (Cois Life) ormsa leabhar a scríobh faoi thréimhse a bhí á caitheamh agam i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Bhí a fhios ag Cois Life go raibh mé sna bólaí sin de bharr colún a bhí agam faoin ábhar céanna ar Foinse ag an am. ‘Favela’ an toradh.
Ní minic, áfach, a tharlaíonn sé go dtéann foilsitheoir ar thóir údair. Fuair mé sin amach nuair a rinne mé iarracht foilsitheoir a aimsiú san Ísiltír do leagan Ísiltírise de mo chnuasach gearrscéalta ‘Gonta’. Tar éis bliana go leith d’iarrachtaí a rinne mé féin agus gníomhaire litríochta, dhiúltaigh gach uile fhoilsitheoir arbh fhiú an saothar a chur faoina mbráid don chnuasach. ‘Scéalta deascríofa iad, ach níl margadh do ghearrscéalta san Ísiltír san am i láthair,’ an freagra a tugadh dúinn arís is arís eile. Tugadh comhairle dom úrscéal a scríobh, agus déanfaidh mé sin a luaithe is a bheith spás i mo sceideal scríbhneoireachta do thogra dá mhéad.

Caidreamh oibre
Agus foilsitheoir aimsithe agat, beidh ort caidreamh oibre dearfach a chothú leis an bhfoireann. Uaireanta bíonn deacrachtaí ag scríbhneoirí glacadh le comhairle agus ceartúcháin, ach táim féin go láidir den tuairim go bhfuil an-tábhacht le péire súl (proifisiúnta) eile chun barr feabhais a chur ar théacs.

Ach ní leis an téacs amháin a bhaineann cinní an fhoilsitheora. Go hiondúil, is é an foilsitheoir a dhéanfaidh cinneadh faoi nithe chomh bunúsacha agus teideal agus clúdach do leabhair. Sampla:’Ni cártaí poist iad seo’ an teideal oibre a bhí agam féin ar mo leabhar grianghrafadóireachta ‘Splancanna ó shaol eile’ ar feadh i bhfad, ach dúirt Cois Life liom nár mhaith leo leabhar le teideal ina raibh diúltú (‘Ní…’) a chur ar an margadh; léirigh fianaise mhargaíochta éigin go gcuireann a leithéid léitheoirí ó dhoras ar leibhéal an fho-chomhfheasa. Léirigh sé sin dom go raibh a gcuid obair bhaile déanta ag Cois Life agus bhí mé sásta glacadh lena gcinneadh, mar a bhí mé sásta glacadh lena gcinntí faoi chlúdaigh mo chuid leabhar freisin. Ceird amháin is ea leabhar a scríobh, ceird eile ar fad is ea é leabhar a dhíol.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) 


An t-úrscéal Aiséirí (2011) 



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

No comments:

Post a Comment